DORIE

Documentation & Research on the European Institutional matters
Accessibility statement for DORIE - Dorie
Ráiteas inrochtaineachta DORIE

 

Ráiteas inrochtaineachta DORIE

Ábhar an leathanaigh

 

Réamhrá

Tá DORIE tiomanta rochtain chomhionann a sholáthar dár gcuid úsáideoirí uile, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí.

Tá an inrochtaineacht i gcroílár ár ndeartha, agus leanaimid prionsabail an deartha uilíoch. Cinntíonn sé sin gur féidir lenár n-úsáideoirí uile ár suíomhanna gréasáin a fheiceáil agus a nascleanúint go héasca, beag beann ar an ngléas atá á úsáid acu.

Táimid ag obair chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach úsáideoir ar ár leathanaigh agus ar ár ndoiciméid. Áirítear leis sin úsáideoirí a bhfuil lagú amhairc, éisteachta, cognaíoch nó fisiciúil acu. Is féidir rochtain a fháil ar ár suíomh gréasáin ó ghléasanna éagsúla ar nós ríomhairí deisce, ríomhairí glúine agus gléasanna móibíleacha.

Is ar na 4 phrionsabal atá liostaithe thíos atá an inrochtaineacht ghréasáin bunaithe.

  • Inbhraite: Cuirtear faisnéis agus an comhéadan úsáideora i láthair na n-úsáideoirí ar bhealaí inbhraite.
  • Inoibrithe: Tá foirmeacha ionchuir, rialuithe (e.g. cnaipí, ticbhoscaí) agus nascleanúint an tsuímh gréasáin inoibrithe.
  • Intuigthe: Ní mór eolas agus oibriú an chomhéadain úsáideora a bheith intuigthe.
  • Stóinseach: Is gá go mbeidh an t-ábhar gréasáin in ann oibriú ar bhrabhsálaithe agus ar ghléasanna éagsúla, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cúnta.

Is le suíomh gréasáin DORIE a bhaineann an ráiteas inrochtaineachta seo:

An dóigh a gcomhlíonaimid caighdeáin maidir le hinrochtaineacht

  • Táimid ag obair chun a chinntiú go gcomhlíonann DORIE na caighdeáin inrochtaineachta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí. Féach an stádas comhlíontachta thíos.
  • Foilsímid ráiteas inrochtaineachta ar líne.
  • Cuidímid le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh linn chun deacrachtaí inrochtaineachta a thuairisciú.
  • Déanaimid iniúchtaí inrochtaineachta chun bacainní ar inrochtaineacht a shainaithint agus chun fáil réidh leo.

Stádas comhlíontachta

Tá ár suíomh gréasáin i gcomhréir go páirteach leis na caighdeáin inrochtaineachta dá dtagraítear faoi Threoir (AE) 2016/2102 i ngeall ar na neamhchomhlíontachtaí a liostaítear thíos.

Ábhar neamh-inrochtana

  • Cuid de na lipéid agus eilimintí na liostaí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad faisnéiseach d’úsáideoirí teicneolaíochta cúnta toisc nach bhfuil an struchtúr clár ná an comhlachas ceart acu. Tá sé beartaithe é sin a réiteach faoi dheireadh mhí Iúil 2025.
  • Úsáideoirí teicneolaíochta cúnta agus úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an méarchlár amháin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain acu ar chuid den ábhar. Tá sé beartaithe é sin a réiteach faoi dheireadh mhí Iúil 2025.
  • Úsáideann roinnt eilimintí aitreabúidí ARIA neamhcheadaithe nach bhfuil inbhraite ag bogearraí léitheora scáileáin. Tá sé beartaithe é sin a réiteach faoi dheireadh mhí Iúil 2025.
  • D’fhéadfadh sé nach gcuirfí ord na dtáb léitheoireachta i láthair ar bhealach loighciúil ar roinnt leathanach. Tá sé beartaithe é sin a réiteach faoi dheireadh mhí Iúil 2025.

Acmhainní

Tacaíocht

Déan teagmháil linn chun fadhbanna inrochtaineachta a thuairisciú nó moltaí a thabhairt maidir le conas is féidir linn feabhas a chur ar an inrochtaineacht. Bí chomh soiléir agus chomh mionsonraithe agus is féidir ionas go dtuigfimid cineál na faidhbe, agus tabhair do shonraí teagmhála ionas gur féidir linn freagra a chur chugat go pras.